Scoil: Scoil N. Mocomóg

Suíomh:
An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Macháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 170

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 170

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
  2. XML Leathanach 170
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Is breágh an saoghal atá agaib anois" ar seisg...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    imirt ar an maigistir scoile.
    Ní raibh aon bhaile ag an maighistir scoile mar ní raibh aon bunáit leo, agus thabarfaidís na scoláirí leo abhaile é gach oidhche agus bíodh sé ag foghluim na leanbaí gach aon oidhche. Bhí leabhair bheaga saoire aca agus ní raibh níos mó ná cuigh billíoga ins gach leabhar.
    Is cuimhin liom ar seise go dían maith nuair ní raibh aon doctúir in aon chor i bparóiste beanntraighe acht "Poppie". Is cuimhin liom na leanbhaí ó Chéim an Fhiaidh go bórd a thighearnan [(borlin)?] ag bailiú go Meall-a-manaig chun na mbolgach do ghearr ortha agus is ann a bhí lán tíghe aca díreach mar a bhaileóchaidís na "scotcheanna" anois.
    Ní raibh aon truachall ann an uair sin acht srathair is clíabháin agus feircín ar gach taobh den chapall agus bhí an srathair deanta den tuighe. Is cuimhin liom go dían maith na live agus ní gádh na clíabhán iompáil in aon chor, mar bhí "gift" aca tarraineóchaidis na cipíní agus thuitfeadh an ghainin síos.
    Ach nuair a tháinig an tae amach ar dtúir bhíodar an-dall timcheall uirthí. Ní raibh ciotal o bheanntraighe go Céim-an-Fhiaidh ar an cheann a bhí in gCuilneach agus an ceann eile a bhí I Meall-a-mhanaig. Is annsan a bhí tailliúir darab ainm Donnchadh ag obair ag Síle Ní Chuinn. Nuair a bhí na tailliúirí ag dul timcheall ó tigh go tigh an uair sin agus chifir nach bhfuil an scéal sin aca anois. Chuir Síle an t-uisce isteach sa chorcán agus tar éis tamaill bhí sé beirthe. "Cad a deanfaimíd leis a Donnchadha anois" ar seise. "Innseóchad duit anois" arsa Donnchadh. Scág iad tríd an sciothóg anois.
    "Cad a deanfaimid anois" ar seise.
    "Faig spunóg ag ith na duilleoga" ar seisean.
    Tar éis taimaill bhí fhios ag an dtailliúir agus d'iarr sé uirthí grainne siucra agus braoinín bainne. Bhí fhios ag an dtaillúir connus í d'úsáid agus chuir
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Siobhán De Barra
    Inscne
    Baineann
    Aois
    92
    Seoladh
    An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí