Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)
- Suíomh:
- Trá Phraisce, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tráigh Phraisce (C.)
- XML Leathanach 250
- XML “Piseoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mar deirtear go mbeadh tréada nó saidbreas ag an duine a deineann an goidh cosamhail leis an cómharsain go raibh se taréis na rudaí do tóghaint uaidh.
9. Fadó bíodh se mar nós ag na daoine da mbeadh duine breóidte sa tigh, marbhuigeadh síad cad dubh agus tugtí an fuil le n-ól don duine breóidte, agus bhíodh leigheas air.
10. Má caitfidh tú piosa feola ímh ar duine Déarfaid na seana daoine go n-eireócaidh an duine sin breóidte agus go bfuigeadh se bás.
11. Núair a geibtear an báirín breach i gcoir Oidce Samhna, deirtear ná beadh aon maitheas moná buailfear i gcoinnibh an dorais é agus se fáth athá leis sin ná cun gach galar agus breóidteacht do coimead ón dtig ar fead an bliadan sin.
12. Má thuiteann duine ar an roilig nuair a bhíonn duine éile da cur deirtear gurab é an duine a thuit a beadh an cead duine éile a beidh dá adhlacadh.
13. Núair a bhíonn beirt tar-éis pósadh ag teacht amach doras an t-séipeil caitheann síadh gráiní ríste na ndiadih cun go mbeadh an t-ád leó.
15. Núair a bhíonn an beirt ag dul amach ó'n séipéal ní ceart duine acu do bheith in a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Treasa De Blách
- Inscne
- Baineann