Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)
- Suíomh:
- Trá Phraisce, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tráigh Phraisce (C.)
- XML Leathanach 316
- XML “Na Spailpíní”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó núair na raibh aon gairm beata ag muinntear an paróiste seo do teigidís go h-áiteanna eile ag obair do feirmeóirí móra i gcóir se sgilling nó mar sin tar-éis obair na seachtmaine. Teigidís ann i dtosach mí Meadon Fhógmar agus tagaidís abhaile roim an Nodlag. Síad na h-áiteannaibh is mó a teigidís ná go Portlairge, Corcaig agus alán aiteannaibh eile. Aon cluite amháin eadaig is mó a tabarfaidís leó. Bhí ortha siubal ag dul is ag teacht abhaile. Ragaidís ann cúpla lá roimh Domnach i dtreó is gur féidir obair d'fhágail an Domnach san seipeal. Dá beadh síad ann i gcóir an Domhnaig ragaidís go dtí an t-Aifreann agus tabarfaidís a ramain leó núair a bheadh an Aifreann criucnuighthe teigidís amach go dtí an geata agus sheasuigidís ann le ceile agus a rann féin ag gach fear acu cabóga a tugtaí ortha annsan tiocfhaidh an feirmeóir agus tógfadh se ceann acu ar airgead airithe. Tugaidís a cuid bíadh féin leó malaí stampaí. Tabarfadh na feirmeóiri stabla dóibh cun codlad. Bí ortha beith amuigh ag baint na prátaí ag breacha an lae. Bíodh na feirmeóirí amuigh ag feachaint ortha. Bíodh cuidh de's na feirmeóirí ana dheas cun na spailpíní agus bíodh cuid eile acu ana cruaidh.
- Bailitheoir
- Áine C. Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann