Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)

Suíomh:
Trá Phraisce, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 276

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 276

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tráigh Phraisce (C.)
  2. XML Leathanach 276
  3. XML “Dealramh an Pharóiste seo Fadó”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá athrughadh mór tagaithe ar an paróIste le céadh bliadhain agus tá alán daoine marbh anois, a bhí i na mbeathaig an úair sin. Ní raibh an bóthair puiblidhe ann an úair sin acht do bhí bóthair eile ag gabháíl ó Baile Caisleán Béarra go Corcaigh ag bun sléibte na Ceacain agus amach bearna na Gabaille agus annsan ag bun sléibte in an Glean na Ghairbh.
    Tá mórán rían le teasbaint dúinn go raibh níos mó daoine i na gcómhnuidhe sa paróiste fadó ná mar atá anois. Má feachaimid ar an gcnoch cimíd go bfuil piniúir de cabalach agus tá parcín glas ar an dtaobh amuig de agus tá iomairí ann.
    Fadó ní raibh an seipeál comh comhgarach dóibh agus atá anois. Do bhí an seipeal i gCillcáscáin agus bhí an seana roilig ar an taobh amuig de agus bhí tobar beannuighthe ann leis. Do deineadh na daoine turas beannuighthe ann agus ní bhíodh an turas críocnuigte go dtí go ragadh siad isteach sa seana fothraig agus do bhí cloigeann sagairt ann a tógadh anuas as an uaig agus do cuireadh é i bfuinneoig an seana fothraig. Is ceart dóibh paidreaca do radh ar an cloigeann.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann