Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)

Suíomh:
Trá Phraisce, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 225

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 225

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tráigh Phraisce (C.)
  2. XML Leathanach 225
  3. XML “Cistí Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá sé le feiscint go soiléir go raibh saidhbhreas mór ins an paróiste seo fadó mar tá rudaí luachmhara seanda le fághail annso agus annsúd ins an áit. De réir sgéil tá ciste óir i bhfollach i bpáirch in ioirthear na paróiste.
    Deirtear gur na sídeóga a tainig tar-nais agus do cur ann é mar bhí fhios acu go mbeadh gorta sa tír agus na bheadh aon airgead ná aon biadh ag na daoine Geibhtear móran rudaí óir fá ceilt mar núair a tháinig na Lochlannaigh go h-Éirinn creacadar mainistreacha agus séipéil agus do thóghadar na rudaí óir beannacadh, amach uatha cun faíní agus órnáidí eile do dheanamh in ionad rudaí Críostíochta agus núair a cifidís an namha ag teacht cucha cuiridís na rudaí i bhfollach in na portaigh agus geibhtear ann iad anois. Cúpla bliadhain ó shoin bhí fear ag deanamh bóthair agus fúair sé thigín beag déanta fe'n dtalamh agus é lán de troscán agus bhí beagán óir.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Treasa De Blách
    Inscne
    Baineann