Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)
- Suíomh:
- Trá Phraisce, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tráigh Phraisce (C.)
- XML Leathanach 291
- XML “Seanfhocail”
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)teacht anuas arís.
Is fearr bean na spré
Mól an óige agus tiocfaidh sí
Ná tabhair breith ar an gcéad sgéal go mbheirfidh an taobh eile ort.
Ní'l aon tinnteán cómh maith le mo thínnteán féin.
Is fearr rith maith ná droch sheasamh.Máire Ní Chonchubhair.
ó na h-áintín. - I bfad ó bhaile labhrann an Plibín Muigh
Is trom an t-ualach an eolas
Ní h-é lá na gaoithe lá na sgoilbe
Is giora dúinn cabhair Dé ná an doras
An té go bhfuil brógh air is cuma leis cá cuireann sé a chos
Briseann an dúchas tré shúilibh an cait
Is feárr fochal sa cúirt na punt sa sparán
An té a cuireann san Earrach baineann sé sa bhFóghmhar é.
Is feárr an t-sláinte ná na táinnte
An té a bhíonn síos ní foláir dó beith buan
Cailín ag Máire agus í féin ag d'iarraidh déirce
Uain nó taoide ní fanfaidh le h-éine
Is minic gur leaghad fear maith le bualach
Is fruiste airigead do rádh ná é do bhailiughadh
Is minic nárbh é an capall is feárr a thógann an rás
Treasa De Blác ó mo athair- Bailitheoir
- Treasa De Blác
- Inscne
- Baineann