Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)
- Suíomh:
- Trá Phraisce, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó do teigeadh na tighearnaí talmhan mórthimceall go dtí gach tig ag bailiugadh an chíosa. Siad na tigearnaí talmhan a bhí san paróiste seo ná Padruig Ó Shúilleabháin agus se an priomh tigearna a bhí ós a gcionn san ná an tigearna Beanntraighe. Bhí Padruig Ó Shúilleabháin ana dian ar tinointige an paróiste seo. Do cuir se alán daoine as seilb a gcuidh talamh agus do thug se an talamh san do feirmeoirí móra agus a gcuidh stuic leis. Núair a fúair Padruig bás tháinig Liam Pian in a diaidh ag bailiugadh an cíos do tigearna Beanntraighe ní raibh se sin ró dian ar na daoine fé mar a bhí Padruig Ó Shúilleabháin. Do tug Liam Pian t-amh dó's na daoine bochta. Tamall na diaidh is tre gutanna a téigeadh an tigearna talmhan iseadh is é an duine a tabarfadh an daoine bochta agat nó an duine a leagadh an cíos dóibh. Tamall tar-éis sin bhíodar ag bailiughadh na gutanna agus is é Padruig Seen a bíodh ghá bhailugadh san geibeadh se an triomadh cuid de gach rud an triomad cuid de stuic an triomadh cuidh des na prátaí agus an triomadh cuid de gach barra.
- Bailitheoir
- Aine C. Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann