Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)

Suíomh:
Trá Phraisce, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 221

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 221

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tráigh Phraisce (C.)
  2. XML Leathanach 221
  3. XML “Marbhna Mhac Fíngín Duibh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (I)
    M'osna tre Luimneach, Connacht is Cláir fé chumha
    Is go Corcaigh na loingeas, thar toinne d'á dtéidhinn de sgiúird.
    Ár ngiúistís cuthaig, ár gcusba, ár laoch glán clúdh'il
    Ár gcara, ár gcura, ár gcumann ár laoch fúair clú
    II.
    Clú 'gus ceannas is acfuinn 'on Rígh Cómhachtach
    Do bhíodh ad' ghlaice, is fearta 'ón rí cóige
    Ní fhuil dún 'ná cathair fá ghlasaib ag Rí Seóirse
    Nach go dubach id' easbaidh is na bailtí go síor bhrónach.
    III.
    Is brónach, atuirseach ón gCeachainn go Léim Láithreach
    Is buaidheartha Banba ó Chaiseal go Beal Beárnais
    Tá dúithchíde Chairbre ar lasad is ní fhuil scéimh áthais,
    I dtuith Ráth-Chathail mar ar cailleadh ár laoch láidhir.
    IV
    Ba láidir cumais, ár gcura, ba leathan lúthmhar,
    A Mharcaig na gcumann go gcritheadh na talamh fútsa.
    Ní raibh - eagla dligte 'na clipe ar do Bhaile dúthachais,
    A Raobaigh mar Oscar do chuireadh gach creach ar chúlaibh.
    V
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Úrdáil
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Drom an Ghabhláin, Co. Chorcaí