Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)
- Suíomh:
- Trá Phraisce, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tráigh Phraisce (C.)
- XML Leathanach 226
- XML “Cistí Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá alán iarsmaí ón tseana ré ins an paróiste seo, agus cuid aca iseadh rudaí a fuair daoíne as an talmh.
Do bhí fear in a comnuídhe i Droumleabh fadó. Feirmeóir do beadh é agus lá amháin cuaidh sé amac ag treabadh. Nuair d’iompuig sé an céad fód do bhuail an ceact le run éigin a bhí cosmhail le píosa stáin agus nuair d’fheac sé síos cad a connaic sé ac sobhern. D’iompuig sé fód eile agus fuair sé sobhern eile agus dhein sé an rud ceadhna arís agus arís agus fuair sé sobhern fé gac fód go dtí go raibh níos mó ná cead sobhern aige.
Do bhí fear eile in a chomnuídhe i Cappaleigh fadó. Lá amháin cuaidh sé amac ag briseadh cloca i bpáirc éigin. Thóg sé suas cloc mór as an talmh agus d’fhág an cloc san poll ana mhór in a dhíadh. Connaic an fear rud éigin dearg ór ag spreacarnaig thíos ar bun an poíll. Cuir sé síos a láimh agus cad a bhí ann act bosca mór déanta de íarrain. Thóg sé suas é agus connaic sé go raibh alán ornáidí deanta ar an dtaobh amuich de agus ceithre cosa fé. D’osgail sé é agus do leath a shuilibh le(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Choncubhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán O Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60