Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)

Suíomh:
Trá Phraisce, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 244

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 244

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tráigh Phraisce (C.)
  2. XML Leathanach 244
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí fear págánach ann fadó. Do bhí aon mach amháin aige. Nuair a fuair an fear bás thug sé an feirm don mach. Lá amháin bhí an Sagart Paróiste ag caint le fear eile in aice tighe an fhír pagánaigh. Dubhairt an fear leis an sagart gur dheas agus gur te an áit a bhí ag an fear paganach. Nuair a bhí sé na bheathuig ó arsan Sagart tá áit níos teasaidhe aige anois. Bhí mach an pagánaigh ag éisteacht do léim sé amach thar claidhe agus rug se ar an Sagart. Dubhairt sé go gcoimeádhfeadh sé greim air go dtí go neosfadh se cadh na taobh go raibh áit níos teasaidhe ag a athair anois. Neosfadh sa san duit ar-san Sagairt má thug tú am dom leabhair d'fhágail agus cuir sé teachtaire chun an leabhar d'fhágail. Nuair do fuair an Sagart an leabhair thosnuig sé ag leigeamh. Bhí sé ag leigheamh tamaill do chuir se a mhéar in a bheil agus chuir sé féad as. Thosnuigh se ag leigeam tamaill éile chuir se fead éile as. Thosnuig se ag leigeamh arís agus cur se féad éile as ansan cualaidh siadh slara ag teacht go dtí an doras ansan tháinig an duine marbh isteach. Bhí eagla ar na daoine go leir roimis.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Cruadlaoich
    Inscne
    Baineann