Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)
- Suíomh:
- Trá Phraisce, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá alán sgéaltha ann i dtaobh na fir cródha a bhí sa paróiste seo fadó i dtaobh na gaisge a dhein síad.
Bhí fear ann fadó agus bhí sé an-láidir agus cródha, lá amháin cuaidh sé go Beanntraighe ag lorg plúir i gcóir a clainne bhí plúr ana gann san ré sin agus is go Beanntraighe a théigeadh na daoine fado i gcóir an phlúir. Cuaidh an fear seo ag siubhal go Beanntraighe agus núair a fúair sé an plúr cuaidh sé abhaile ag siúbhal arís. Tonna plúr a bhí aige agus bhí aon is ficeadh míle slighe cun a cur dhe. Níor stad de'n siubhal go dtí gur tháinig sé abhaile arís. Bhí an gníomh san i mbéal gach aoinne.
Bhí fear eile ann agus dob é an duine dob fheárr cun cloch do caitheamh. Aon lá amháin cuaidh cúpla buachaillí ag caitheamh cloch feacuint ciuca do b'fearr cun an cloch do caitheamh. Bhí fear ann Séamus Ó Súilleabháin. Thóg Seámus cloch agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit P. Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann