Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)
- Suíomh:
- Trá Phraisce, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tráigh Phraisce (C.)
- XML Leathanach 240
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)i bpáirc in Eadargóíl, agus ceap sí gurab é a fear a bhí ar seacrán. Seán abainm dó agus do scread an bean amac. "Seán an t-Soluis tar suas annso", agus sul ar fhéad sí rud eile do rádh do bhí Sean an Lócrainn ós a chómhair amac.
Do leath scannradh uirthi agus dúbhairt sí "Ó ní hé tusa atá uaim in aon cor ac ceapas gurab é mo fear a connacas. Imthig as mo radharc anois in ainm Dé nó muna himreódach thú in ainm Dé, imthig in ainm an díabhail. D'imtig sé agus sar a raibh an bean istig bhí sé tíos ins an páirc ceadhna arís. Ó shin i leith tá eachtra Seán an Lóchrainn i mbéal gac duine in Eadargóíl. - Lá amháin dá raibh mo sheana athair agus fear eile ag dul go Beanntráighe go dtí an aonac bhí capall agus trucall aca. Do bhí na muca ag scréacarnaig, nuair a bhí na fir á cur isteac sa trucall. Do tosnuígeadar ortha ar a haondeag a clog san oídhche. Do bhí an oídhche go breágh agus bhí an ré agus na reálta ins an spéar.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Siobhán Ní Suilleabháin
- Inscne
- Baineann