School: Tráigh Phraisce (C.) (roll number 5566)
- Location:
- Trafrask, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (I)
M'osna tre Luimneach, Connacht is Cláir fé chumha
Is go Corcaigh na loingeas, thar toinne d'á dtéidhinn de sgiúird.
Ár ngiúistís cuthaig, ár gcusba, ár laoch glán clúdh'il
Ár gcara, ár gcura, ár gcumann ár laoch fúair clúII.
Clú 'gus ceannas is acfuinn 'on Rígh Cómhachtach
Do bhíodh ad' ghlaice, is fearta 'ón rí cóige
Ní fhuil dún 'ná cathair fá ghlasaib ag Rí Seóirse
Nach go dubach id' easbaidh is na bailtí go síor bhrónach.III.
Is brónach, atuirseach ón gCeachainn go Léim Láithreach
Is buaidheartha Banba ó Chaiseal go Beal Beárnais
Tá dúithchíde Chairbre ar lasad is ní fhuil scéimh áthais,
I dtuith Ráth-Chathail mar ar cailleadh ár laoch láidhir.IV
Ba láidir cumais, ár gcura, ba leathan lúthmhar,
A Mharcaig na gcumann go gcritheadh na talamh fútsa.
Ní raibh - eagla dligte 'na clipe ar do Bhaile dúthachais,
A Raobaigh mar Oscar do chuireadh gach creach ar chúlaibh.V(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Úrdáil
- Gender
- Female
- Address
- Dromagowlane, Co. Cork