School: Tráigh Phraisce (C.) (roll number 5566)
- Location:
- Trafrask, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tráigh Phraisce (C.)
- XML Page 274
- XML “Dealramh an Pharóiste seo Fadó”
- XML “Dealramh an Pharóiste seo Fadó”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sgeal mar a cuaidh a athair féin go dtí Corcaig ag marcuigeacht ar chapaill agus bosca íme aige le díol agus núair a bhí sé ag teacht abhaile do caill a capaill ceann dá cruidhte agus níor tháinig sé abhaile in aon cor an oidhce sin.
- Tá alán athrúgadh tagaithe ar an paróiste seo le céadh bliadhain. Ní raibh aon bóthar publaí ann ach seana bóthair a bhí ag gabháil ar bun cnuich sléibhte Ceathain. Tá sé ag tosnughadh i Gleann Garbh agus ag gabhail ó Gleann Garbh go dtí Baile Caisleán Beara. Bóthair ana uaigneach a beadh an seana bóthar. Deir na daoine go mbíodh spriodanna ann agus is minich a tug foga fe's na daoine a bhí ag gabháil an bóthair san oidhce.
Níl puinn de'n bóthar le feiscint anois mar tá neanntóg ag fás ar cuidh de agus tá claidhe [?] tríd. Tá fothraigh séipéil i mallach an Aifreann agus ins an séipeal san a eisteadh na daoine Aifrionn fadó agus tá cluigeann sagairt ann agus deir na seana daoine gurbh é an cead sagart a tháinig go dtí an paróiste é. Núair a bíodh na daoine(continues on next page)- Collector
- Cáit P. Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female