Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)
- Suíomh:
- Trafrask, Co. Cork
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag gabháil leis a poist fadó is ar mhuin chapaill nó ag suibhal a théigeadh siadh. Núair a bíodh siadh ag dul leis an poist bíodh fear mar foglaidhe taobh istig de'n claidhe agus gunna aige agus nuair a bíodh fear na leitreach ag teacht léimfeadh an foglaidhe amach tar an claidhe agus tógfadh se na leitreacta go mbíodh airgeadh ann agus caitfeadh se na cinn eile uaidh agus [?] do's na daoine slige éile d'fhágail amach cun dul leis na leitreacta.
Do réir mar a bhí an aimsear ag imtheacht agus na seana daoine ag fághbhail bháis do bhí alán eolas ag na daoine óga a bhí ag teacht agus tuigeadar go mbfearr leó bóthar níos féarr a deanamh in ionad an t-seana bhóthair a bhí aca.
Do thosnuigh siadh ar an bóthar nua do dhéanamh ach do theip orta agus b'eigean dóibh eirighe as, mar ní raibh aon airgeadh acu agus bhíodar i gcomhnuidhe ag troidh mar geall air. Tar-éis beagán aimsire thosnuig an riagaltas ar é deanamh airís agus do tugadar h-ocht pinngin do gach duine a bhí ag obair ann agus b'éigean dóibh iadh féin a cothúgadh as sin ach do réir mar a bíodh an aimsear ag imtheacht do deineadh bóthar maith ann agus tá sé ina bóthar publaí indiú.- Bailitheoir
- Cáit P. Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann