Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)
- Suíomh:
- Trafrask, Co. Cork
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tráigh Phraisce (C.)
- XML Leathanach 343
- XML “Áitainmneacha”
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sin air ná mar Magh Bán atá ann. Carn na gCat, sé an fáth go dtugtar an ainm sin ar san ná fadó bíodh na gcat fíadhanna go flúirseac ann. Carn na mBeac, tugtar an ainm sin air mar bíodh na beaca fíadhanna go flúirseac ann. Páirc Mhór, sé an fáth ar a dtugtar an ainm sin ar san ná páirc mór fada iseadh é. Páirc an Tobair tugadh an ainm sin ar san mar is ins an bpáirc sin atá an tobar.Páirc an Aitinn, sé an fáth go bfuil an ainm sin ar san ná ná fásann ann act aitinn. An Gairdín mar tá sé ar chúl an tíghe agus tá bláthanna agus rudaí eile ag fás innte. Páirc na Nóiníní bíonn an páirc sin clúdaighthe le noinini gac blíadhan. Páirc na Gréinne tá an páirc sin árd agus ní túisce a spalpann an grían ná bíonn sé ag taithneamh air. Páirc na Logán tá cúpla logán ar bun na páirce.
- Tá alán páirceanna ins an paróiste seo go bhfhuil aimn ruda nó duine mar ainm ortha toisc duine éigin a bheith 'na comnuídhe ann, no cloc mór do beith ann. Tá áit in aice mo tigse agus Cnucán na mBuacaillí an ainm atá air. Deirtear(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Ní Dhubhghaill
- Inscne
- Baineann