School: Tráigh Phraisce (C.) (roll number 5566)

Location:
Trafrask, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 316

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 316

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tráigh Phraisce (C.)
  2. XML Page 316
  3. XML “Na Spailpíní”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó núair na raibh aon gairm beata ag muinntear an paróiste seo do teigidís go h-áiteanna eile ag obair do feirmeóirí móra i gcóir se sgilling nó mar sin tar-éis obair na seachtmaine. Teigidís ann i dtosach mí Meadon Fhógmar agus tagaidís abhaile roim an Nodlag. Síad na h-áiteannaibh is mó a teigidís ná go Portlairge, Corcaig agus alán aiteannaibh eile. Aon cluite amháin eadaig is mó a tabarfaidís leó. Bhí ortha siubal ag dul is ag teacht abhaile. Ragaidís ann cúpla lá roimh Domnach i dtreó is gur féidir obair d'fhágail an Domnach san seipeal. Dá beadh síad ann i gcóir an Domhnaig ragaidís go dtí an t-Aifreann agus tabarfaidís a ramain leó núair a bheadh an Aifreann criucnuighthe teigidís amach go dtí an geata agus sheasuigidís ann le ceile agus a rann féin ag gach fear acu cabóga a tugtaí ortha annsan tiocfhaidh an feirmeóir agus tógfadh se ceann acu ar airgead airithe. Tugaidís a cuid bíadh féin leó malaí stampaí. Tabarfadh na feirmeóiri stabla dóibh cun codlad. Bí ortha beith amuigh ag baint na prátaí ag breacha an lae. Bíodh na feirmeóirí amuigh ag feachaint ortha. Bíodh cuidh de's na feirmeóirí ana dheas cun na spailpíní agus bíodh cuid eile acu ana cruaidh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people by social grouping
        1. spalpeens (~14)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine C. Ní Shúilleabháin
    Gender
    Female