School: Tráigh Phraisce (C.) (roll number 5566)
- Location:
- Trafrask, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá morán áiteanna staireamhla sa paróiste ac sé an ceann go bfuil is mó eolas agam air ná an tobar beannaca atá suidthe i Leitrim. Deirtear gurab é Mocuda Naomhtha a comnuidh ann tamaill éigin. Rugadh é sa bliadhan cuig céad a caogadh i aice le Cill Orglan i Condaé Ciarraighe agus do cuir sé mainistir ar bun i Lios Mór. Tuiteann a fhéasta ar an cuigmeadh lá ficid de mí na Bealtaine agus téigheann sloíghthe móra go dtí an tobair sin an lá san agus teígheann síad mór timceall an tobair deich nuaire agus abaruígheann síad paidreaca le na línn sin agus leis an tuisge atá ann cimilígheann síad le haon rud tinn a bhíonn aca agus deirtear go leigistear íad. Fadó cuaidh bacac go dtí an dtobair sin agus do nig sé é féin leis an tuisge agus do siubhal sé abhaile chómh maith le aoine eile a bhí ann an lá san. Fadó do bhíodh alán spóirt ag na daoíne an lá san, do bíodh síad ag rínnce agus ag amanuígheact agus ag ól. Tá deire leis na rudaí sin go léir anois.
- Collector
- Dóra Ní Suilleabháin
- Gender
- Female