Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)

Suíomh:
Trafrask, Co. Cork
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 273

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 273

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tráigh Phraisce (C.)
  2. XML Leathanach 273
  3. XML “Dealramh an Pharóiste seo Fadó”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an condae go léir agus tá an bóthar sin ag rith staid beagnach ó mo thigse. Tá se ag dul siar go dtí Eadargóil agus sóir le fánaidh an cnuich go dtí Gleann Garbh. Bóthar breágh iseadh an bóthar sin fós. Tá drocadh breágtha annso agus annsúd ar feadh an bhóthair, mar tá alán aibhne ag rith le fanaidh an cnuich go dtí cuan Baoí. Bóthar seanda iseadh an bóthar sin leis. Tá fotharaigh seana séipeil ar thaobh an bóthair ach n'íl aon roilig ag dul leis. Tá na fotharaig go maith fós cífeá na fuinneóga agus an doras ann cómh maith agus a cífeá iadh suas le ceadh bliadhain ó shoin. Tá se suidthe i Massmount.
    Do réir mar a raghfá odheas cífeá seipeill breágh a cuireadh suas ann in aimsir an gorta mór. Tá bóthar nua publuidhe ag rith soir agus siar a deineadh ins an am cheadna agus ocht pingine a bhíodh ag na fír mar tuarasthal sa ló a ghá dhéanamh. Do réir mar a bheiteá ag dul soir ó Massmount buailfeá ar suas le sé nó seacht gallán cuidh acu ar taobh do láimhe deise agus cuidh acu ar taobh do láimhe clé. Tá tobair naomhtha agus cromleach deas tamaillín beag as taobh an bóthair. N'íl aon duine sa t-saogal seo anois a mhair núair a deineadh an seana bóthair mar tá sé déanta le na ciantaibh.
    Oidhce amháin cualas m'athair ag innsint
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Treasa De Blach
    Inscne
    Baineann