Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)
- Suíomh:
- Trá Phraisce, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tráigh Phraisce (C.)
- XML Leathanach 251
- XML “Piseoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dhiaidh an duine eile.
16. Núair a bhíonn tórramh i dtigh ní ceart an tig a bheith gan aon duine istigh.
17. Núair a bhíonn daoine i dtigh déanach san oidhche ní ceart an tigh d'fághaint go dtí go dtaghann an lá
18. Núair a bhíonn na daoine ag cur cómhrann ar an duine marbh b'éigin do na daoine go léir dul taobh amuich den doras
19. Taréis an duine marbh do bhreith ó'n dtigh castar na rudaí a bhí in usáid taobh síos súas
20. Ní caithear amach aon uisge san oidhche ar eagla do gcaithfí i gcoinibh na daoine marbh é agus sin é an fá ná caithtear amach an t-uisge taréis na cosa do nighe
21. Ní ceart leanbh ógh d'fághaint in aonar i dtigh mar deirtear go goidfidh ná sídheóga an leanbh agus go gcuirfidís rud súarach in ionad.
22. Núair a bhíonn na daoine ag dul a codla núair a bhíonn síad ag múchadh na teine ní deineann síad ach an gríosach do casad os cionn na teine mar bíonn na daoine marbh taobh amuigh den doras ag faire go dtéigheadh múinntir an tighe acodladh cun(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Treasa De Blách
- Inscne
- Baineann