Scoil: Oileán Baoi (Dursey) (uimhir rolla 13138)

Suíomh:
Oileán Baoi, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eoghan Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0274, Leathanach 108

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0274, Leathanach 108

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Oileán Baoi (Dursey)
  2. XML Leathanach 108
  3. XML “An Mhuc a Chuaigh sa Taoide i Scoil san Oíche”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    idir Oileán Aolbhach agus poinnte Rinn. Níl ann ach go bfhéadfadh bád teacht aníos ann agus dá mbeadh an lá aon pioc garbh ní bheadh aon seans gabháil tríd. Ní fhéadfá na maidí-rámha a oibriú ann in aon chor toisc a chaoile is athá sé.
    Pé sgéal é, an oidhche seo, dubhradar go ngeobhaidís tríd ó bhí an calm mór ann. Ach nuair a bhíodar díreach istig ann tháinig droch-uain ortha, agus b' sheo gach duine a d'iarraidh é féin do shábháil. San útamáil dóibh do léim an chráin amach sa bhfairrge. Nuair a thángadar chúcha féin b' sheo a cuardach do'n mhuic iad ach dá mbeidís a cuardach ó shoin ní fhéadfaidís í d'fhagháil. Cheapadar go raibh sí caillte agus d' imthigeadar abhaile.
    Cúpla lá 'na dhiaidh sin bhí bád a teacht ó Ghairinis go Fircíl agus nuair a bhíodar ag dul siar fan an taobh thuaidh de 'n Rinn, do chonnacadar an mhuc anáirde ar an bhfaill. Do chuadar anáirde chúichi agus d' árduigheadar suas ar an dtalamh iad. Do chuireadar an sgéal tímpal agus trí lá in dhiaidh na muice a chailleamhaint do, do fuair Sean-Thadhg sgéal
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó hÚrdaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Mhichíl, Co. Chorcaí