Scoil: Oileán Baoi (Dursey) (uimhir rolla 13138)

Suíomh:
Oileán Baoi, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eoghan Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0274, Leathanach 018

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0274, Leathanach 018

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Oileán Baoi (Dursey)
  2. XML Leathanach 018
  3. XML “Íosa agus A Mháthair ag Siúl rompu”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a bhí an Mhaighdean Mhuire a siubhal roimpi fadó agus ár dTighearna in aonfacht léi, do chuadar isteach i dtig oidhche amháin. Do dhein bean ’a tighe leabaidh dóibh ar an úrlár agus colg a chuir sí fútha. Níor thaithn san len a fear in ao’ chor agus dubhairt sé leabaidh eile do chur fútha –
    leabhaidh de thuighe, ach ní dhéanfadh sí san. Chaith ár dTighearna agus a mháthair dul a chodladh ar an gcolg agus i rith na h-oídhche buaileadh an fear breoidhte agus bhí sé go donnaidhe – bhí sé a fagháil bháis.
    D’éirigheadar ar maidin – ár dTighearna agus a Mháthair – agus d’imthigheadar ortha a siubhal arís agus nuar a bhíodar tamall ó’n dtig dubhairt sí leis gur mhór an truagh an fear a bheith a fagháil bháis agus teacht agus é shaoradh – gur mhór a truagh ar fad é bheith a fagháil bháis, go raibh a’ fear go maith. Thug sé (ár dTighearna) an t-eiteach di, ná tiocfadh, ach do lean sí air, agus sa deireadh thánadar araon
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Dhuinneacha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill Mhichíl, Co. Chorcaí