Scoil: Oileán Baoi (Dursey) (uimhir rolla 13138)
- Suíomh:
- Oileán Baoi, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eoghan Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)“Stopaidh mé a wuachaillí; Stopaidh mé a wuachaillí,” a deireadh sé – eagla a bhí air go ragaidh sé féin agus an capall leis a bhfaill – bhí oiread san fuadair fútha.
- Bhí fear i Rinn Truirc fadó agus lá amháin do chuaidh sé síos cois na trágha agus do chonnaic sé murdhuach 'na suidhe ar charraig agus í a cíoradh cinn. D'éalaig sé uirthi agus do shnap sé a brat uaithi agus thug sé leis abhaile í agus bhí sí ar feadh bliana ináirde ar an lochta aige. Níor labhair sí leo an fhaid a bhí sí sa tig.
Lá amháin do chuaidh bean a' tighe amach sa mhacha agus pé cor a chuir an bhó dhi, do bhuail an bhean í leis an mbuaraigh. Nuair do chonnaic an mhurdhuach an méid sin do gháir sí.
Lá eile do dhein bean a' tighe císte aráin agus do shiubhal sí amach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Dhuinneacha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Mhichíl, Co. Chorcaí