Scoil: Imleach Droighneach (uimhir rolla 14085)
- Suíomh:
- Imleach Draighneach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chonmhuidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fear beag le fíasóga fada iseadh an leipreachán.
Caitheann sé treabhsar glas agus casóg dhearg taobh amuigh de sin agus hata fada dearg agus bróga búidhe.
Deirtear go mbíonn sparán lán d'airgead aige agus dá bhfaighfeá é deirtear go mbeidhfá saidhbhir ar feadh tamaill mhaith. Deirtear go bhfuil carn mór óir aige istig sa lios agus is ann a chomhnuigheann sé.
Bíonn gréasaidhracht ar siubhall aige gach oidhche.
Dá bhfeicfá an leipreachán agus teacht air i gan fhios do agus gan é scaoileadh gheóbhfá cuid den ór uaid.
Deirtear muna bféachfá direach isteach na dha shúil go n-imtheóchadh sé uait ar nóimeat. Deirtear dá mbheadhfá ana lámhach leis go gcabharóchadh sé leat i móran rudaí.
Bean iseadh an mhurdhuach a bhíonn sa bhfairrge. Deirtear go dtagann sí aníos ar clocha na trágha uaireannta. Bíonn brat mór uirthi.
Lá mar seo bhí sí ag cíoradh a cuid gruaige agus d'fhág sí an brat ar an clocha agus nár(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Treasa Ní Charrún
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Imleach Draighneach, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pártolán Ó Diolláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- Os cionn 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ceann Eich, Co. Chiarraí