Scoil: Imleach Droighneach (uimhir rolla 14085)
- Suíomh:
- Imleach Draighneach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chonmhuidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear óg agus bhí easba taboc air. Níor bfhéidir leis aon ruainne dfágháil agus bhí duil cráidhte aige ann.
Bhí seana bhean agus bhí a tig le h-ais drocid agus do cailleadh í. Bíodh sí a fheiscint na h aon oidhche taréis í chailleamaint agus píop ar lasadh aici agus í á síneadh chun aoinne ach ní ghlacadh aoinne í.
Dubhairt sé seo mar bhuachaill na beadh aon easba taboc air féin faid a bhí Síle an Droicid chómh fial le'n a píop. D'imthig sé oidhche mar seo fé déin Síle. Shín sí an phíop chuige agus ghlac sé í. D'ól sé a shásamh dhe agus shín sé chuice í agus dubhairt sé "Beannacht Dé led anam agus le hanam do mharbh" "Ól uait a thuille dhe" arsa Síle, d'ól sé botharáil eile dhe agus shín sé thairnis arís chuici í agus dubhairt an paidir cheudna. "Ól a thuille" arsa Síle agus tharraing sé aiste arís agus shín sé thairnis í agus dubhairt sé an paidir arís.
Thóg sí an tríomhadh uair í "Is tú an fear is fearr a gaibh chugam faid a táim annso sin a raibh de mhoill orm chun dul ins na flaithais go nguidhefeadh duine éigin lem anam trí uaire agus ní fheicfear annseo go deó arís mé.- Bailitheoir
- Máire Ní Suilliobháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Fearann na hAbhann, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Uasal O Suilliobhan
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Saighdiúir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Fearann na hAbhann, Co. Chiarraí