School: Imleach Droighneach (roll number 14085)

Location:
Imleach Draighneach, Co. Chiarraí
Teacher:
Eibhlín Ní Chonmhuidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 366

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 366

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Imleach Droighneach
  2. XML Page 366
  3. XML “An Chuigeann”
  4. XML “Cúram na gCos”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    chun siubhal. Sin piseóg t'a's agat.
    Uair a' chluig bíonn an cuigeann ar siubhal no uair go leith.
    Len ar lámhaibh a n-oibrigmíd í síos suas. Nuair a bhíónn sí déanta bíonn an loinithe glan agus an t-im go léir bailighthe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhíod na fir fiche bliain fado agus os a cionn sar a gcaithidís aon bróga.
    Bhí aon bean amháin annso nár chaith aon bhróg riamh mar bhí coiscéim bacaige aici.
    Tá bróga ar gac aon leanbh anois nuair fagann siad an cliabhán.
    Deireann na sean daoine nach ceart uisge na gcos do bheith istig in aon chor ist oidhche.
    Ba ceart é chaitheamh amach ar eagla go dtiocfadh na daoine maithe isteach.
    Ní deintear aon bhróga san áit seo anois mar ceannuigtear sa t-siopa iad acht deintear iad a deisiú.
    Chaitheadh gac aoinne beagnach bróga bonn admaid fado acht anois ní caithtear puinn díobh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. earraí
      1. éadaí agus suaitheantais (~2,403)
        1. bróga (~1,841)
    Language
    Irish
    Collector
    Dómhnall Ó Síodhacháin
    Gender
    Male
    Address
    Fearann na hAbhann, Co. Chiarraí
    Informant
    Siobhán Bean Ní Shíodhacháin
    Gender
    Female
    Address
    Fearann na hAbhann, Co. Chiarraí