Scoil: Imleach Droighneach (uimhir rolla 14085)
- Suíomh:
- Imleach Draighneach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chonmhuidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Imleach Droighneach
- XML Leathanach 277
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Sa tseana shaoghal fadó bhíodh sé mar nós aca deachmhaí a dhíol go dtís na Ministrí.”
Sa tseana shaoghal fadó bhíodh sé mar nós aca deachmaí a dhíol go dtís na Ministrí. Cuir igcás dá mbeadh dachad leabaidh prátaí curtha. Caithfidís leath dhe a thabhairt dos na ministrí. Fear do mhuintear Shúileabháin a bhí na chómhnuidhe in nDoire Fhionáin gur bainm do Concubhar ní raibh uaidh aon deachma a dhíol. Lá amháin bhí sé ag gabháilt ó dheas go lóthar. Chuimnig sé ar olc. Isteach leis go bothán beag cínn tuighe a bhí ar thaobh an bhóthair. Greasaidhe de mhuintear Seaghdha a bhí ann. Do beannuigdear dá chéile. "Tá adhbhar airgid annso agam" ar seisean "An gcoimeádfhá dhom é go dtiocfhainn tar nais" ag tarrac stoca óir amach as a phóca. Im baiste! arsan greasaidhe ní coimeádfhad bféidir go togfaí uaim é agus cad é an leath sgeul a tabharfainn duit annsan. "An bfuil aithne agat ar Conchúbhar an Mhinistir a bhíonn ag bailiú na deachmaí" Cad é an sórt duine é. "Duine dán mureárach iseadh é." Chuala an ainm sin cheana air. "Táim ag dul ó dheas go Doire Fionáin agus tá fonn agus faitchíos orm" arsa Conchúbhar Ó Súileabháin. "Bheinn ana buideach díot dá gcoimeádfá dhom é. Anois arsan greasaidhe ná bíodh aon mí bhuidheacas agat orm(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nell Ní Fianactha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Ceann Eich, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Sean Mairtin O Suilliobhain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 50
- Seoladh
- An tImleach Mór, Co. Chiarraí