School: Imleach Droighneach (roll number 14085)
- Location:
- Imleach Draighneach, Co. Chiarraí
- Teacher: Eibhlín Ní Chonmhuidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Imleach Droighneach
- XML Page 287
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí triúr dritheár ann fadó agus ní raibh riamh aon triúr ba mó cion ar a ceile ná iad.”
Bhí triúr dritheár ann fadó agus ní raibh riamh aon triúr ba mó chion ar a céile ná iad. Bhí an triúr aca pósta agus dá ceanamhlacht iad - na fir ar a céile do bfearr iad na triúr ban.
Seadh bhí san go maith go dtí lá áirigthe gluais an t-áidirseóir [the Devil] ag teacht ag trial ortha. Do bhuail an sagart paróiste leis ar an mbóthar agus dfiafruig sé dhe cá raibh sé ag dul. "Raghad ag triall ar an triúr dritheár agus a dtriúr mban atá annso" ar seisean "agus cad do b'áil leat ann" arsan sagart "Cun imreas éigin a dheanamh eatorra" ar seisean "Buail isteach cúgam ar bfilleadh dhuit" arsan sagart. Dimthig an t-áidirseóir air agus níor stad sé riamh ná coidhte gur chuaidh sé ináirde an lochta ar tighe aca agus chuaidh sé isteach i gcliabh mór olnadh a bhí ann. Níor bfada a bhí sé ann nuair a dúbhairt na mná gur cheart rud éigin a dheanam den olna a bhí ar an lochta. "Deinimíd bréidin di" arsa duine aca "Ní feadh deinimís plainín di" arsan dara bhean "Ní dheanfadh bréid ná plainín den ar olann san" arsan bean eile "sé deanfhaimíd píosa breágh plaid di."(continues on next page)- Collector
- Nell Ní Fhianactha
- Gender
- Female
- Address
- Ceann Eich, Co. Chiarraí
- Informant
- Seán Mháirtin Ó Suilliobháin
- Gender
- Male
- Address
- An tImleach Mór, Co. Chiarraí