School: Imleach Droighneach (roll number 14085)

Location:
Imleach Draighneach, Co. Chiarraí
Teacher:
Eibhlín Ní Chonmhuidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 304

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 304

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Imleach Droighneach
  2. XML Page 304
  3. XML “Ceann Eich”
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí ghaisgéach i gCeann-Eic fadó. Dómhnall Ó Súilleabháin an ainm a bhí air ach glaodhaidís Dómhnall Ceann-Eich air amr bé fé ndeara Ceann-Eic do glaodach ar Cehann-Eich.
    Do bhí each fiadhain i mbealach Oisín agus do bhí scannrad air na haoinne roimis.
    Do chuireadar fios air Dhomhnall agus súid soir an bóthar é gan scáth ná eagla air.
    Nuair a bhí sé ag teacht i gcómngar an chnoic do rith an each na choinnibh ach má dhein bhí Dómhnall gilic a dóthain do. Do thairring sé a chlaideamh agus bhí cogad annsan.
    Do bhí lámh uachtar ag Dómhnall. Do bhain sé an ceann den each agus bhuail sé air a dhrom é agus chaith sé i gcoireal i bpáirc na gcaorach é. Tá an coiréal ann fós agus sé an ainm a tugtar air ná chloigeann Ceann-Eic agus Ceann-eic a glaodthar ar an mbaile.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    2. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
      2. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Roisín Ní Shéaghdha
    Gender
    Female
    Informant
    Padraig Aosta Ó Carrún
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Male
    Address
    Ceann Eich, Co. Chiarraí
  2. (no title)

    Bhí fear shoir i gCománs gur b'ainm do Sean na bpucaí air...

    Bhí fear shoir i gCománs gur b'ainm do Sean na bPucaí air agus bhí sé ráidthe go mbeadh sé i dteannta na bpucaí.
    Bhiodh sé ag deanamh leigheas do dhaoine go mbíodh easbadh sláinte ortha. Chualaidh sagart na parroisde é agus tug sé bearradh dho ó'n altoír Domnach mar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.