Scoil: Imleach Droighneach (uimhir rolla 14085)

Suíomh:
Imleach Draighneach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín Ní Chonmhuidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 363

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 363

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Imleach Droighneach
  2. XML Leathanach 363
  3. XML “Lucht Siúil”
  4. XML “An Drochshaol”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bailighidis ím, no plúir no prátaí no deirc éigin mar sin. Deiridis paidreacha annsan mar
    "Go méaduighidh Dia thu"
    "Go ndeinidh Dia trocaire ar anamacha na mairbh a sgar leat,"
    agus "le h-anam déanach d'fág an tig seo" no
    "Go dtugaidh Dia cabhair Dia cabhair is congnamh dibh"
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Luig an gorta ana throm ar an gceanntar seo agus fuair na daoine go léir bás ar nós na sotán leis an ocras agus leis an ngádthar.
    Lobhaidh na prátaí ins na tigtibh leis nuair bhíodar bainte aca agus ins na poillnibh. An beagán a bhí fágtha i gcóir síl bhíodar ag cur na bpiachán amach agus bó toil Dé go bfasadar an tarna bliain.
    Bíodh turnapaí agus báirnig agus an múr dubh a fhásann ar bharr na trágha go dtugann siad an ceann cruaidh air a n-ithe aca agus b'sin é an biadh do mhairbh iad mo thruagh iad!
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Dómhnall O Síodhacháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceann Eich, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Siobán Bean Ní Siodachain
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ceann Eich, Co. Chiarraí