Scoil: Imleach Droighneach (uimhir rolla 14085)

Suíomh:
Imleach Draighneach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín Ní Chonmhuidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 361

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 361

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Imleach Droighneach
  2. XML Leathanach 361
  3. XML “An Leipreachán agus an Murúch”
  4. XML “Seanscoileanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    scuaib fear ó Rínn Ró an brat uaithe agus do lean sí é agus do chaith sé an brat an áirde ar an lochta sar a tháinig sí isteach. Phós sé í agus bhí sí sa tig ar feadh deich mbhlaidhain agus lá amháin bhíodar ag glanadh an lochta agus chaitheadar anuas ar brat leis agus nár bheir sí air agus siúd léi síos go dtí an tráig arísagus n'feacathas aon Mhurdhuach ó sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Gaodhluinn a bhíodh ages na leanbaí óga nuair teigidis ar scoil acht bhíodh a muinntear d'iarraidh Béarla do mhúineadh dóibh.
    Bhíodh droch meas ar an nGaedhluinn agus cuirfeadh an maigistear duine a bhearfaí air ag labhairt Gaoluinne , in áirde ar droim an duine eile agus bhiodh sé ag gabhailt de le slait agus bhíodh riastocha fola ortha indiaidh na slaithe.
    Ní bhíodh aon bhinnsí aca acht anuas ar an urlár a suidhidís.
    Bhíodh cathaoir súgáin ag an muinnteóir no suístín deanta de shugánaibh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. scoileanna (~4,094)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Domnall Ó Siodhacain
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Fearann na hAbhann, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Siobhan Bean Ni Siodacain
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Fearann na hAbhann, Co. Chiarraí