Scoil: Imleach Droighneach (uimhir rolla 14085)
- Suíomh:
- Imleach Draighneach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chonmhuidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhíodh scrathanna as an sliabh agus leacaca cloch no tuighe anuas ortha mar dhíon ar na seana thighthe.
Ní h-adhmad ón gcathair a bhíodh mar frathacha ortha leis mar ní raibh a leitheid á dhíol in aon cor an uair sin ach smutáin a baintí as an bportach agus ní tairgní a cuirtí tríotha leis cun iad a daingniú ach cipíní ramhra. Deití poll san adhmad agus an cipín a sádh tríd.
Bhíodh leabaidh sa cistin i gcuid is mo des na tighthe fadó agus istigh sa' chúinne cois an t-simné a bhíodh sí.
I gcoinnibh ceann an tighe a bhíodh an teinteán. Do bhíodh seimné i gcuid des na tighthe agus bhíodh a tuille gan aon simné agus bhídis múchta le deatach.
Cuirtí poll sa díon agus seana bucaod nó seana bosca in áirde ar a bharr.
Ní bhíodh ach poll ar an bhfalla mar fhuinneóig agus cloch ann istoidhche mar bhíodh eagal ortha roimis an Tighearna talmhan mar cuirtí árdú cíosa ortha da mbeadh aon feabhas ar a dtigín aca.
Scolb giúise a bhíodh mar sholus aca(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Treasa Ní Carrún
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Micheal Aosta O Carrún
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- Os cionn 70
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Imleach Draighneach, Co. Chiarraí