Scoil: Imleach Droighneach (uimhir rolla 14085)

Suíomh:
Imleach Draighneach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín Ní Chonmhuidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 287

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 287

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Imleach Droighneach
  2. XML Leathanach 287
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí triúr dritheár ann fadó agus ní raibh riamh aon triúr ba mó cion ar a ceile ná iad.

    Bhí triúr dritheár ann fadó agus ní raibh riamh aon triúr ba mó chion ar a céile ná iad. Bhí an triúr aca pósta agus dá ceanamhlacht iad - na fir ar a céile do bfearr iad na triúr ban.
    Seadh bhí san go maith go dtí lá áirigthe gluais an t-áidirseóir [the Devil] ag teacht ag trial ortha. Do bhuail an sagart paróiste leis ar an mbóthar agus dfiafruig sé dhe cá raibh sé ag dul. "Raghad ag triall ar an triúr dritheár agus a dtriúr mban atá annso" ar seisean "agus cad do b'áil leat ann" arsan sagart "Cun imreas éigin a dheanamh eatorra" ar seisean "Buail isteach cúgam ar bfilleadh dhuit" arsan sagart. Dimthig an t-áidirseóir air agus níor stad sé riamh ná coidhte gur chuaidh sé ináirde an lochta ar tighe aca agus chuaidh sé isteach i gcliabh mór olnadh a bhí ann. Níor bfada a bhí sé ann nuair a dúbhairt na mná gur cheart rud éigin a dheanam den olna a bhí ar an lochta. "Deinimíd bréidin di" arsa duine aca "Ní feadh deinimís plainín di" arsan dara bhean "Ní dheanfadh bréid ná plainín den ar olann san" arsan bean eile "sé deanfhaimíd píosa breágh plaid di."
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nell Ní Fhianactha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ceann Eich, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Seán Mháirtin Ó Suilliobháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An tImleach Mór, Co. Chiarraí