Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)

Suíomh:
Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Bríghid Ní Fhianachta

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Baile an Sceilg (C.) | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 006

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

leog air bheith marbh. Do rug sise ar chosa air, agus d'iompuig isteach fé'n mbórd é. Nuair a bhí san déunta aice, d'imthig sí, agus chuir sí uirthe an t-áprún síoda nár chaith sí ó phós sí. D'imthig sí annsan, agus chuaidh sí ag glaodhach ar an slataire mar bheadh, agus d'innis sí dhó go raibh an Gabha marbh. Nuair a tháinig seisean go béal doruis an fhir mhairbh, do leog sé sgarta gáire, agus ní mor? ná go bfeicfá a chroidhe agus a aedheanna. An fada a fhanfaimíd gan pósadh anois ar sise leis. Fanam tamall ar seisean le h-eagla go ndearfadh muinntir an bhaile mhóir gur sinne a thug cúis báis do. Im' briathar ná fanfam a mhuise ar sise, mar is ró mhaith ata fhios ag muinntir an bhaile mhóir seo ná raibh m'aigne-se riamh leis an bhfear san. D'ullamhuigh sí biadh do'n strapaire, agus bhíodar ag ithe, agus a gcosa isteach fé bhord an fhir mairbh acu araon. Do ráinig gur thug driofr óg a bhí ag an nGabhainn cuaird air. Do ghaibh sí chun na ceárdchan, agus nuair a chonnaic sí ná raibh sé ar oscailt, b'aithin sí go raibh rud éigin ar a driothár. Chuaidh sí fé dhéin an tíghe, agus nuair a chuir sí a ceann thar doras, do chonnaic sí a driothár fé'n mbórd, agus é marbh. Do ghoil sí a dóthain, agus nuair a bhí a dóthain goilte aice do thosnuigh sí ar caoineadh a dheanamh do.