School: Achadh Tiobraid (roll number 9878)
- Location:
- Achadh Tiobraid, Co. Chiarraí
- Teacher: Tomás Ó Muircheartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Deintí arán do plúr cruitneachtan fadó. Do bhíodh a chuid cruitneachtan féin ag fás ag cuid des na daoine an uair sin. Baintí an cruitneacht ar dtúis, agus shabháiltí annsan í. Stucaí (sidegóga) a deintí ar dtúis. Ní beadh sí mar sin acht deich lá dá mbeadh an aimsear breágh. Tairrigtí isteach annsan, é bualad le suiste agus an gráinne a bhaint de. Caithí é a breith amach lá breágh dá mbeadh leoitne gaoithe ann cun é a cáithead. Dimteocadh an cáth leis an ngaoth agus do bheadh an gráinne agat. Do bheadh criathar aca a bheadh lán de pholla cun an gráin a coimeád, agus téigheadh an gráin sios tríd na bpuill agus an cáth ag imtheacht leis an ngaoith"go dtógfainn sé an ceo sa sa brón suas do'd croidheMár éirigeann an locháin de'n coirce (gan mhoill) (le gaoth) bailtí an gráinne annsan agus cuirtí i málaí é. Bhí sagas éigin bró aca an uair sin, agus(continues on next page)