School: Achadh Tiobraid (roll number 9878)

Location:
Aghatubrid, Co. Kerry
Teacher:
Tomás Ó Muircheartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0477, Page 134

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0477, Page 134

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Achadh Tiobraid
  2. XML Page 134
  3. XML “An Doineann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. STOIRMEACHA AGUS GÁLAÍ TROMA
    Nuair a tagadh droch fairrge, agus gála leí, dá mbeadh báid beaga béal osgailte (ceatharáig) amuigh bádfaí iad san gan aon moill in aoncor muna theicheadh siad leo féin, agus na luinge is mór a bhíonn amuigh, cuirtear ar an dtalamh iad agus báidhtear iad.
    Leagan sé féar as pollan sé tighthe isteach leis. Togann sé slinn ar fad ó tighthibh, agus tógann sé stácaí coirce, agus cuireann sé amach sa bhfairrge iad. Marbhuigheann sí stoc eallaig. Leagann sí crainn, Má bhíonn ceann ar cliathán an bhóthair deineann sé ana díoghbháil mar marbéochadh sé capall no duine a bhíonn ag dul thar bhragháid.
    Uaireannta bíonn tóirnaighe agus splancacha ann. Ní baoghal duit an tóirneac acht an splannc. Marbheóchadh sí duine, agus stoch. Réabadh sí talamh. Ní ceart aon gadhar a fágaint istigh in aon tig mar tairrigheann clúmh an gadhair an splannc i slighe éigin.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. processes and phenomena
      1. severe weather (~1,727)
    Language
    Irish