School: Achadh Tiobraid (roll number 9878)
- Location:
- Aghatubrid, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Ó Muircheartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí ceathrar clann aca annsan. I gcionn sgathaimh aimsire, dubhairt sé leo go dtabharfadh sé cúrsa ar a shean áit féin. Déirig buille ortha cuige. Do stopadar é an uair sin. Taréis blian eile d'imthig sé abhaile, agus dubhairt sé le'n a mnaoí go gcaitheadh sé cúrsa a thabhairt. D'imthig sé an uair sin.
Tháinig sé abhaile, agus bhí a mháthair ina dúnáinín críona caitte roimis. Níor aithin sí é. D'irraidh [!] sé lóistín dí na hoidhche go lá. Do thug sí lóistín do. Tháinig a bheirt dritheár isteach, agus níor aithnuighea[dar] san leis é. Chuir sé in úil é féin doibh. Dubhairt a máthair leo dul a gchodlad. go raibh aifreann aifreann [!] ann ar maidin. Seadh d'imhtig sé go dtí an aifreann ar maidin, as an claidheamh ina láimh. Cé bhí ann acht mach an feirmeóra, as é ina shagairt. Nuair a bhí sé sin ag crothadh an uiste coisrighthe geárr an buachaill a láim leis a chlaideamh, an láimh dheas. Bhí iongna ar na daoine go léir, acht tháinig an sagairt paróiste ag feuchaint ar an obair. Nuair a bhí sé ag teacht chonnaic sé sgamall os cíonn an tséipéal. Cé bhí ann acht Dia agus an diabhail ag tógaint an t-anam an tsagai[rt] dá ceille. D'innis an buachaill an sgéal go léir. Bhí an sagart sásta. An uair sin thuit an tanam den tsagairt óg agus tá a anam shuas ins na Flaitis in fhaid as a bheadh órla[ch?] coinnle a lasadh.