School: Achadh Tiobraid (roll number 9878)

Location:
Aghatubrid, Co. Kerry
Teacher:
Tomás Ó Muircheartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0477, Page 249

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0477, Page 249

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Achadh Tiobraid
  2. XML Page 249
  3. XML “Scéal i dtaobh Ár dTiarna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal i dtaobh Ár dTigearna
    Do bhíodh ár dTigearna agus an Maigdean Muire ag gabháil mar seo lá breágh brothallach agus bhí Sé ina leanbh an uair sin. Bhuail ingnean feirmeóra ar an mbóthar leo, as dubhairt [sí >] ár maigdin muire lei é bhreith tamaillín an bhóthair lei. Dubhairt an cailín ná béarfhadh, É bhreith lei, no é fagaint in a diaidh annsan. Is geárr a bhíodar nuair bhuail cailín aimsire leo. Bhí sí ag dul a d'iarraidh buichéad uisge. Leig sí síos an buicéad ar an mbóthar, agus thóg sí an leanbh in a hucht é agus bhí sí á phógad. Dubhairt ár Maigdean Muire lei filleadh abhaile go mbeadh milleán uirthi. Dubhairt an cailín aimsire go dtabharfadh sí tamall eile É an bóthar leis. Seadh d'fhill sí sa deire.
    Seadh dubhairt an Máthair leis an leanbh Nach mór an deifir é sin idis [!] beirt cailíní Seadh dubhairt an leanbh daréig leanbh a bheith ag an gcailín ná tógfadh É, agus iad ar fad bheith os cionn a báis nuair a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
        1. religious tales (~1,085)
          1. the Holy Family (~429)
    Language
    Irish