Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- Suíomh:
- An Tóin Riabhach Íochtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- XML Leathanach 326
- XML “Toibreacha Beannaithe sa Dúthaigh Seo”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sgéal i dtaobh bunú (nó tús) an tobair sin: Seó é é:-
"Thagadh bean - deirtí nárbh 'aon bhean saoghalta í - ag deunamh nigheacháin go dtí tigh i Maigh Ghlais, mar a bhfuil feirm Risteáird Mic Ealaghóid anois. Ní fhanadh aoinne 'n-a shuidhe istoidhche chun í d'fheicsint - go dtí oidhche áirithe gur fhan beirt spailpíní chun í d'fheicsint. Nuair a chonnaic si é seo d'imthigh sí leí amach tríd an ndoras theas. Do leanadar í fé dhéin tighe Shéamuis Blennerhassett - an áit go raibh Liam Myles ag cur fé. Dá ghéire a leanadar í 'seadh is sia a bhí sí ag imtheacht uatha agus a truslóga ag dul i méid agus i bhfaid go dtí to deire gur imthigh a cos dheas síos fó-thalamh uaithi agus gur thuit sí fá thalamh as a radharc. D'eirigh an t-usice as an áit gur chuaidh sí fá thalamh. Níor tháínig sí choidhche 'na dhiaidh sin ag deunamh ingheacháin."
Deirtear go bhféadfaí an t-uisge sin do thóaint mar leigheas ar fiabhras. Sgéal eile ó Seán Ó Donnchadha (Rugadh 1870) a chuala é ó Tomás Ó Muircheartaigh (1825-1925)
"Do lean duine amháín í: b'é ainm an duine sin ná Pickett. Thosnuigh sí(leanann ar an chéad leathanach eile)