Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- Suíomh:
- An Tóin Riabhach Íochtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- XML Leathanach 327
- XML “Toibreacha Beannaithe sa Dúthaigh Seo”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag easgainidhe air mar seo:-"Gura gann do sloinne choidhche
Led' cheathrar cómhainme nár eirighe
Do chorp d'iompar san oidhche
Go reilig na gcnámh 's na bpiastaí"
(2) TOBAIRÍN DOMHNAIGHNach mór ar aghaidh tighe Uí Dhubháin amach, ar bhruach dheas na Laoi (Letha) - díreach taobh amuigh de "fhearann oighreachta" (Demesne) Blennerhassett (Baile ó Síoda) tá paiste coimín - ar an dtaobh theas de'n mbóthar mhór a ritheann ó Tráighlí go Cill Áirne - i mbaile fearainn "Cathair Bhríoghach" - agus ta tobar iongantach ann. Deireann Tomás Ó Conchubhair ó Bhaile na Scairte (R.1851) gur "tobar Rí an Domhnaigh" ab' ainm do'n tobar san. Níor airigheadh aoinne eile 'ghá rádh san. Tá an tobar beag acht tá an t-uisce go glé-ghlan. Fuair an Tomás so thuas an t-ainm sin "Tobar Rí an Domhnaigh" sa bhlian 1865 ó Tomás Aherne (ó Bhaile na Scairte) leis) - a bhí 90 bliadhain an uair sin. Deireann Pádraig Ó Brosnacháin ó'n gCoillbhig (Rugadh 1856) gurbh'é an t-ainm a chuala se féin ná "Tobar na dTrí dToirdhealbhach" (Terences ?) triallach (triallaire) ? - mar gur fhan triur ann Oidhche na Coda Móire feuchaint a' ndeunfaí fíon de'n uisce, agus fuarathas marbh iad ar maidin. Deirtear gur triúr de muinntir "Brosnachain" iad. D'réir seanchas(leanann ar an chéad leathanach eile)