Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí

Suíomh:
An Tóin Riabhach Íochtarach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0444, Leathanach 466

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0444, Leathanach 466

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
  2. XML Leathanach 466
  3. XML “Cois Taoibh an Chuain”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. .1.
    Cois taoibh an chuain, 's mé go h-uaigneach,
    Go faon-lag suanmhar sinte,
    'S mé ag féuchaint uaim ins an spéir ó thuaidh,
    'S mé ag eigeamh fá fuaim na taoide.
    Níorbh bhfada dom go bhfaca an long,
    Ag teacht go triúpach timcheall;
    Do bharr na dtonn 'n-a reathaibh siubhal
    'Gus an ainnir súgach innti.
    .2.
    Do bheannuigh dúinn an Bhríghdeach óg,
    Ba bhreághtha dlaoithe a bhí ar a bhí ar a bórd (.9.)
    Do ráidhte mire ba bhreághtha caoine
    Ná inntleacht ceóil
    Cois na daibhche síos do gheóbham
    Beidh n-ár dtimcheall fíon 's beóir
    Go duanach failteach, go clúmhail grásgail (grástamhail)
    Fá mar 'bhí 'againn i dtúis ar n-óig'.
    .3.
    Aithchim féin ort a ainnir shéimh,
    Is é t'ainm is saor dom innsint.
    An tú an Mheadbh mhilis do dhealbhuigh Éire,
    Nó do tharraing éacht na Traoithe.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge