School: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí

Location:
An Tóin Riabhach Íochtarach, Co. Chiarraí
Teacher:
Pádraig Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0444, Page 325

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0444, Page 325

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
  2. XML Page 325
  3. XML “Toibreacha Beannaithe sa Dúthaigh Seo”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bá mhian liom sar a dtosnóchainn ar an gcaibidiol seo mo bhuidheachas do thabhairt do'n Athair Ó Fearghusa mar geall ar leigint dom an giota so leanas a bhaineann lé toibreacha beannuighthe na dúthaighe seo - do thógaint as a chuid nótaí ( ar "Stáir agus Béaloideas an dá Pharóiste seo.") Deireann sé go raibh OCHT nó NAOI gcinn díobh sa dúthaigh seo mar leanas:-

    (Translation of P 2. f)

    (I) AN FINNE (FINNITHE) CAOL
    I bhfeirm Sheamuis Bhlennerhassett i nGort-a'-tSléibhe tá tobar ar a ghlaodhtar an "Finne Caol" (nó b'fhéidir "caomh") Deintear leanbhaí do leigheas ann. Tá sé ráidhte nách bhfuil aon tóin ag an dtobar tá sé chómh doimhin sin. Do deintí turus go dtí an tobar so suas go dtí an bhliain 1890. Caithfí dul ar thurus ann roimh eirghe gréine. Dá bhfeictí an duine ag deunamh an turais do teipfí ar an leigheas. Timpal na bliana 1880 tháinig Bean Uí Liaghain go dtí an tobar uair gach maidin ar feadh trí maidean agus ar an 3adh maidin nuair a bhí sí ag imtheacht abhaile do bhuail sí lé Liam Myles. Ní raibh sí buidheach do Liam bhocht cé go raibh an turus criochnuighte aici agus an leigheas fachta aici. Ní raibh aon dáta speisialta i gcóir turais do'n dobar san. Ní fheadar cad fé ndear an t-seicréid i módh dheunta an turais.
    D'innis Padraig MacCuinn (ó pharóiste Cuiríní )
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish