Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí

Suíomh:
An Tóin Riabhach Íochtarach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0444, Leathanach 301

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0444, Leathanach 301

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
  2. XML Leathanach 301
  3. XML “Scoil Uamh Bréanainn - An Scoil Féin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tógadh an scoil seo sa bhliain 1868. B'é an t-athair Tadhg O Brosnacháin an chéad bhainisteóir. Is cuimhin lé'n a lán daoine annso an bhliadhain in ar tógadh í. Dubhairt Muiris O Conaill liom go raibh sé féin agus buachaillí eile ó'n gCoill Mhóir (Cill) agdul, roimis seo, go dtí scoil bheag eile mar a bhfuil tig cómhnuidhthe an Dorchánaigh anois. Tá tigh an duine sin timcheall ceathramhadh míle ar an dtaobh thuaidh d'ár scoil-ne. Deirtí go mbíodh fál-scoil nó scoil mhóta san áit sin - nuair ná raibh cead ag Caitiliceach aon scoil a thinnreamh acht amháin scoil phrotastúnach.
    Dhá scoil ceangailte dá chéile a bhí innte ar dtúis - scoil igcóir chailíní agus scoil eile igcóir bhuachaillí. Do measacadh an dá scoil i Mí an Abráin 1929 - (mar gheall ar laghdú tinnrimh i socil na gcailíní)
    Níor deineadh aon athrú ar fallaí na scoile ó'n lá a tógadh í.
    Tá innte fós:- dhá sheómra, dha phóirse, dhá theinteán agus an uimhir déidhe (ad Infinitum) de gach rud eile.
    B'é an chéad mhúinteóir a bhí innte na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge