Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- Suíomh:
- An Tóin Riabhach Íochtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- XML Leathanach 314
- XML “Erc Bréanainn”
- XML “Uaimh Bhréanainn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tá ainm an Naoimh mar ainm ar áit (baile) agus mar ainm ar thobar, agus mar ainm ar reilig. Ach bíodh sin mar atá.
- Do thaistil sé fé'n dúthaigh fá churam Naomh Eirc ag foghluim diadhachta agus rudaí diamhra an chreidimh. Tháinig siad go dtí an Paróiste seo agus tá sé ráidhte go raibh sé ag feitheamh leis sa charbad (nó pé gleus iompair a bhí aca) go dtiocfadh an Naomh tar nais chuige. Is annsan a tháinig chuige cailín aluinn - ingean do thoiseach a bhí sa comhursanacht. Do léim sí isteach sa charbad chun go mbeadh sí ag cainnt leis. Acht b'fhearr le Bréanainn comhluadar leabhar ná comhmluadar ban agus do bhuail sé an cailín go trom lé slait a bhí aige. Tá sé ráidhte gur imthigh sí abhaile ag gol. Do thuit an rud so amach inaice lé h-Uaimh Bhréandain: (Brendaniana).Mar pionós air dubhairt Naomh Erc leis go gcaithfeadh sé oidhche do chaitheamh i bpluais a bhí in-aice leo. Dubhairt Bréanann go gcaithfeadh go toiltheananch. Chuaidh sé isteach sa phluais nó san UAIMH, agus an fhaid is bhí sé ann bhí na salma 'á gcanadh aige; agus tá sé ráidhte go raibh solus iongantach sa spéir agus gur chualathas na h-Aingil ag canadh leis. Mar geall ar sin do tugadh UAIMH BHRÉANAINN ar an áit agus isé sin ainm ár scoile - cé go bhfuil(leanann ar an chéad leathanach eile)