Scoil: Trian Caol (uimhir rolla 10778)

Suíomh:
An Trian Caol, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Peadar Mac Gaoithín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1104, Leathanach 227

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1104, Leathanach 227

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Trian Caol
  2. XML Leathanach 227
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    leabaidh ar bith aige fá na choinne. D'iarr sé air na rabh uisge coisreatha ar bith aige. Dubhairt sé go rabh. "Fan bomaite agus gheobhaid mé é fá do choinne," arsa Padaí.
    Bhí bucoid uisge salach in a suidhe ar an úrlar. Fuair Padaí graim ar an bhucoid. Bhain an fear bocht a bhearrad de Chaith Padaí an uisge salach air.
    "O stad, stad" arsan fear, "na bí a gcur amudha é." D'imthigh an fear bocht amach agus bhi sé uilig fliuch.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí fear agus a bhean in a gcómhnuidhe i dteach bheag. Is cuma caide deirfeadh an fear dearfadh an bhean go rabh sé cearr. La amháin bhi siad in a suidhe ag an teine agus tháinig luchóg amach as poll. "Caithfidh mé an poll sin a dhruid arsa PaidÍ." "Chan é sin an poll" ars' an bhean "ach seo an poll." Thoisigh an charagal idir an bheirt. Chonnaic Paidí nach rabh gar a bheith leithe agus d'imthigh sé. Chuaidhe sé go h-Albain agus d'fhan sé annsin ar feadh se mhí. Tháinig sé arais airíst agus dubhairt a bhean les, "Se do bheatha 'Phaidí ach da mbítheá ag argaal ó shoin seo an poll a dtáinig an luchóg as
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Anna Ní Gaoithin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Daibhéid
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile na Glaice, Co. Dhún na nGall