Scoil: Trian Caol (uimhir rolla 10778)
- Suíomh:
- An Trian Caol, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Peadar Mac Gaoithín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Trian Caol
- XML Leathanach 170
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)de'n Bhruighin. Chuir sé an síol agus nuair a d'fás sé bhí bárr an mhaith aige.
Tháinig Oidhche Shamhna, thug an fear leis sac de shíol mhaith agus d'fág sé é taobh amuigh de'n Bhruighin. Anns[in] sgáirt sé amach. "A Shidheogai Dílise seo arais daobh mála síol i bhfad níos feárr na an síol a thug sibhse domhsa. "Níl sé an deicheadh cuid comh maith" arsa na sidheogai "cionn[as?] gurbh é sin grainín mhullaigh cruachan leifir" - Sgéal.
Bhí péist mór i Loch Suiligh aon uair amháin. Dith sí bó, muc mná agus páistidhe. Bhí eagla a mbais ar na daoine roimpí, agus ní rachadh duine ar bith cómhgarach de'n áit.
Fa dheireadh d'iarr siad ar Cholm Cille teacht agus an péist a mharbhadh. Fa'n am seo bhí sé i mainstear shíos igCill Mhic Neanainn Chuir seisean teachtaireacht chuig mánach éile dobhí in a chómhnuidhe i gCongbhaladh darbh ainm Baoithín ag iarraidh air a theacht go Mín an Fhir Ruaidh maidin éigin agus go mbeadh sé fhéin annsin, agus go muirfeadh siad an phéist.
Tháinig an lá a rabh siad le castal. D'imthigh Colm Cille agus mideog in a láimh leis. Tháinig sé fhad le Mhín an Fhir Ruaidh, agus ni raibh Baothín áit ar bith le feiceal. Thug an phéist fa dear é, agus thug sí rúid(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Nic Daibhéid
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Padruig Mac Daibhéid
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Crosóga, Co. Dhún na nGall