Scoil: Trian Caol (uimhir rolla 10778)
- Suíomh:
- An Trian Caol, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Peadar Mac Gaoithín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Trian Caol
- XML Leathanach 269
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Lá dá rabh Colm Cille ins an fhásach tháinig coimhighitheach a chuir cainnte air.”
Lá dá rabh Com Cille ins an fhásach tháinig coimhighitheach a chuir cainnte air. D'éirigh Colm de'n turtóig a rabh sé 'na shuidhe uirthí agus shuidh sé ar thurtóig eile. Thug sé leideadh do'n choimhighitheach suidhe ar an turtóig a dfhág sé. "Ó" arsa'n coimhighitheach, " ar ndóighe dhéanfadh an turtóg a dfhág tú mise.""Bhal" arsa Colm, "mur bfuil a dhath eile agat le tabhairt do'n choimhighitheach is don mhúineadh do shuidheachan féin a thabhairt dó."(gan teideal)
“Bhí Colm Cille ar a seachnadh. Bhí an tóir te 'na dhiaidh.”
Bhí Colm Cille ar a sheachnadh. Bhí an tóir te 'na dhiaidh. Chodlaidh sé seal tamaill i dteach beantrebhaigh i nGaraidh-Charraidh. Bhí fios aige gur bhuail seachran an tóir agus nach dtiocfadh leobhtha an teach a dheánamh amach. Ag bódhranacht an lae sgairt an coileach agus thug an tóir a n-aghaidh ar an teach. B'éigean do Cholm éirghe agus baint as amach. Thug sé a mhallacht do'n choileach agus dfhág sé mar bhuadh ar Gharaidh-Charraidh gan coileach sgairtint ann fhad is bhéadh féar ag fás nó(leanann ar an chéad leathanach eile)