Scoil: Trian Caol (uimhir rolla 10778)

Suíomh:
An Trian Caol, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Peadar Mac Gaoithín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1104, Leathanach 199

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1104, Leathanach 199

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Trian Caol
  2. XML Leathanach 199
  3. XML “Seanghnásannaí - Oíche Fhéile Bríde”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Oidhche Fhéil Bríghide

    Tá sean gnathasannai ag na daoine go fóill ar oidhche Fhéil Bríghide.
    San tráthnóna roimhe luighe gréine gearrtar luachra agus fágtar iad taobh amuigh de'n dhoras. Nuair a thigeas an oidhche gnídhtear féasta. Nuair a bhios an fhéasta réidh téigheann duine amach agus bheireann sé isteach na luachra. Seasuigheann sé taobh amuigh de'n dhoras agus deireann sé.
    "Gabhaigidh ar mbur nglúainibh. Fosgailtigidh mbur súilibh, tógaigidh suas mbur lamha agus leig isteach Brighid"
    Deireann na daoine atá istoigh:-
    "Sé beatha na mna uaisle. Sé beatha na mna uaisle. Sé beatha na mna uaisle.
    Fágtar na luachra faoi an tábla agus nuair atá an féasta tart caithtear iad i lár an urláir. Annsin gnídhtear cróssannai dobhtha. Coisreachtar na crossanai ar an 2adh Feabhra agus cuirtear suas iad.
    Deireann na sean daoine go mbíonn im agus bainne go leór ag na ba ar feadh na bliadhna ma cuirtear cross os cionn an bhothaigh ar oidhche Fheil Bríghide. Deireann siad fosta go mbíonn uibheacha ag na cearcaibh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Féile Bríde (~366)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Éagartaigh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Padruig Ua hÉagartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Bruíonacha, Co. Dhún na nGall