Scoil: Trian Caol (uimhir rolla 10778)

Suíomh:
An Trian Caol, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Peadar Mac Gaoithín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1104, Leathanach 216

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1104, Leathanach 216

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Trian Caol
  2. XML Leathanach 216
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear in a chómhnuidhe i Mín a t-Sionnaigh uair amháin agus bhí sé an mhaith ag rith. Toirdhealbhach Bán Ó Cuinn ar t-ainm a bhí air. Beireadh air am amháin as a bheith troid. Fuairtheas greim air i Mín a t-Sionnaigh. Beirt ghárda agus iad ag marcuigheacht a bhfuair greim air. Ghabhaidh siad é acht ní rabh gleus acu é a thabhairt leobhtha.
    Fuair siad dhá rópa agus cheangal siad ceann le gach sgiathain. Fuair gach fear acu greim ar rópa agus ar shiubhal leo ag tarraingt ar Litirceanainn.
    Shiubhal siad ar dtús ach bhí Toirdhealbhach i dtoiseach. Chuir siad na beathaigh ar sodar acht bhi sé i dtoiseach. Annsin chuaidh siad ar chos in áirde agus bhi Toirdhealbhach i dtoiseach go dtáinig siad go Litirceanainn. Tháinig na gardaí anuas ó na caiple annsin agus ars ceann acu do, "Dá bhí'un reatha leatsa ní chuirfinn mo chos ar capall go deo".
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Éagartaigh
    Inscne
    Baineann