Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 313
- XML “Marcáil na nAimhithe le Comhartha Speisialta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus nuair a bhéas sé dearg te leagann siad ar na h-adharca acú é, agus annsin nuair a téigheas a dhath a chomhair na h-adhairce, leagheann sí iad agus is furust annsin an t-ainm a gheárradh amach. Tá cuid eile de na daoine a chuireas dath ortha sé sin "Pínt" cuireann cuid acú thart ar a gcuid adharc é, agus cuireann cuid eile acú ar an druim é.
Annsin na h-uain óga nuair a bíos siadsan ag gabhail chun an chnuic. Cuid de na daoine a ghéarrann giota beag de'n ruball díobh. Cuid eile a chuireas "breasal" ortha, cuid eile a ghearras bárr na gcluas dóibh. Cuid eile a chuireas "searachán" ionnta. Sé sin cuireann siad giota de rópa reamhar thart ar cheann de na cosa tosaigh, agus ar cheann de'n mhuinntir deiridh. Tá cuid eile a chuireas ola agus súithche ortha. Sé sin bheireann siad leo soitheach agus cuireann braon ola ann agus trí chrág súithche agus crag amháin salainn. Annsin deir said fosta go bhfuil sin iongantach maith ag congbháil ar shiubhal na "gcrabhóg". uatha. Tá cuid eile de na daoine a ghreamóchas bonn naomhtha do chlár eádainn na n-uan. Cuid eile aca a chuireas ribinní dearga nó gorma ortha, agus cuid eile a chuireas teanntáin bheaga cocháin thart ar a muineál. Tá cuid eile de na daoine a gheibheas buideál an bheag agus chuireas córda thart air agus a líonas de uisge coisreachtha é agus a chuireas thart ar a muineál é, Ní(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Díochtháín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall